Bímid i gcónaí an-ghnóthach ag obair as Gaeilge. Bhaineamar a lán taitnimh as ‘Cé Mise’ a imirt i mbeirteanna chomh maith le léitheoreacht i mbeirteanna. Os rud é go rabhamar ag obair ar an dtéama ‘Éadaí’, bhí an-áthas orainn seó faisin a eagrú agus an dán ‘Fear Bréige‘ agus ‘An Maith Leat Éadaí?’ a scríobh amach agus a mhaisiú. Chruthaíomar carachtair agus scríobhamar lipéidí chun a gcuid éadaí a léiriú. D’úsáideamar dráma chun glaoch a chur ar 999 agus scríobhamar oideas chun scríobhneoireacht ghnásúil a chleachtadh. Is aoibhinn linn obair as Gaeilge agus táimid ag déanamh dul chun cinn an-mhór.















