Oibrímid go dian dícheallach i rang Gaeilge. An mhí seo, bhíomar ag obair ar an dtéama, ‘Ag Siopadóireacht’ agus rinneamar a lán gníomhaíochtaí, m.sh. léitheoireacht agus scríbhneoireacht, chun an téama a iniúchadh. Rinneamar dráma freisin agus chuamar go dtí an margadh agus cheannaíomar a lán rudaí ag na stallaí éagsula. Chuamar ar an roth mór agus bhí eagla an domhain orainn nuair a stop sé nuair a bhíomar suas san aer ach, buíochas le Dia, deisíodh an fadhb. I siopa amháin, ghoid gadaí earraí de gach sórt ach rugadh air, sa deireadh. Bhaineamar a lán taitnimh as dráma eile bunaithe ar cuairt ar an bhfiacóir agus cailín nua ar scoil. D’oibríomar ar na briathra neamhrialta freisin agus chumamar scéalta i bhfoirm dearfach agus diúltach. Is aoibhinn linn obair as Gaeilge agus táimid ag feabhsú ár gcumas sa teanga, i gcónaí.