Lá na Pancóga

Bhí Lá na Pancóga ann inniu agus mar is gnách d’ullmhaigh ár múinteoirí pancóga dúinn. Bhí rogha maith againn maidir le rudaí a chur ar na pancóga, m.sh. síoróip sútha talún, síoróip mailpe, mil, subh, siúcra, sú liomóid agus “Nutella”. Bhí an t-ádh linn freisin mar thóg buachaill cneasta “marshmallows” isteach agus bhí an-tóir orthu. Go raibh maith agat, a mhúinteoirí – bhí na pancóga so-bhlasta ar fad.