Lá Glas

Chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, bhí ‘Lá Glas’ againn ar scoil. Ghléas gach duine, idir daltaí is múinteoirí in éadaí glasa agus os rud é go raibh an aimsir tirim is grianmhar, bhí seans againn imirt le chéile amuigh. Bhaineamar a lán taitnimh as an lá.